Search

Chat With Us

    Gaeilge
    Go to University of Limerick
    University of Limerick

    Gaeilge

    University of Limerick

    University of Limerick

    flag

    Ireland, Limerick

    University RankQS Ranking
    422

    Key Facts

    Program Level

    Bachelor

    Study Type

    Full Time

    Delivery

    On Campus

    Campuses

    Main Site

    Program Language

    English

    Start & Deadlines

    Next Intake DeadlinesSeptember-2026
    Apply to this program

    Go to the official application for the university

    Duration 4 year(s)
    Tuition Fee
    EUR 16,900  / year(s)
    Next Intake September-2026

    Gaeilge

    About

    Is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar chomhábhar sa Chéim sna Dána in Ollscoil Luimnigh. Is féidir féachaint ar na hábhair ar féidir iad a dhéanamh leis an nGaeilge sa léaráid.

    Mar gheall ortsa:

    Is duine tú ar breá leat an Ghaeilge agus a bhfuil suim mhór agat sa chultúr Gaelach. Tá fonn mór ort forbairt a dhéanamh ar do chumas teanga sa Ghaeilge agus ba mhaith leat go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de do shaol pearsanta, cultúrtha agus sóisialta feasta. Is maith leat cúrsaí léitheoireachta agus/nó tá suim mhór agat sa chultúr béil, sa bhéaloideas agus san amhránaíocht, agus tá an- spéis agat i gcás na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Aithníonn tú an tábhacht thar meon a bhaineann le hoidhreacht na Gaeilge i stair na tíre seo agus i sochaí an lae inniu agus is mian leat tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht sin agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha lena mbaineann sí. Tá meon oscailte agat, tá tú sásta tabhairt faoi smaointe nua, agus tá tú ag tnúth leis an spreagadh intleachtúil a thabharfaidh teanga, cultúr agus litríocht na Gaeilge duit agus leis na tuiscintí nua a bheidh agat ar an gcultúr agus ar an saol dá bharr.

    Nóta: Is gá H3, ar a laghad, a bheith agat san Ardteist, nó cáilíocht atá ar comhchéim leis sin, chun an Ghaeilge a bheith agat mar ábhar céime in Ollscoil Luimnigh.

    Cad chuige staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Luimnigh?

    Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de réimse leathan cúrsaí in Ollscoil Luimnigh ar a n-áirítear Céim sa Dlí Móide, Céim sna Teangacha Feidhmeacha, Céim sa Léann Eorpach, Céim san Taibhealaíona (Ceol agus Damhsa), Céim B. Oid. sna Teangacha, Céim sa Chorpoideachas, agus Céim sna Dána. Oibríonn foireann Léann na Gaeilge go dian dícheallach ar son na mac léinn agus bímid ann chun tacú libh ar bhóthar na foghlama. Mar gheall ar speisialtóireachtaí na foirne, gheobhaidh tú cúrsa ar leith sa Ghaeilge a bheidh nascaithe le disciplíní móra idirnáisiúnta ar a n-áirítear léann na litríochta, an antraipeolaíocht agus an béaloideas, stair na Gaeilge, an ainmeolaíocht, agus a shuíonn Léann na Gaeilge laistigh de ghluaiseachtaí smaointeoireachta idirnáisiúnta an léinn. Beidh tú ag plé le foireann a thugann faoin múineadh le fonn agus le fuinneamh, a thabharfaidh idir spreagadh agus thacaíocht duit, agus a chuirfidh na fáiltí geala romhat go hOllscoil Luimnigh.

    Cad a bheidh faoi staidéar agam?

    Mar chuid de do chúrsa Gaeilge, déanfaidh tú staidéar ar ghramadach agus ar chruinneas na Gaeilge (idir scríobh agus labhairt), agus déanfaidh tú staidéar ar an litríocht, ar an gcultúr béil, agus ar an tsochtheangeolaíocht, trína bhforbrófar do scileanna machnaimh, anailíse, agus áitimh. Freastalóidh tú ar ranganna teagaisc a dhíríonn go speisialta ar chúrsaí teanga, ar an ngramadach, ar labhairt na Gaeilge agus ar an aistriúchán; freastalóidh tú ar léachtaí a bhainfidh le réimse leathan ábhar laistigh de Léann na Gaeilge, mar shampla, dírbheathaisnéis na Gaeilge, traidisiún na scéalaíochta, na scéalta gaisce, na seanscéalta iontais, an caoineadh, traidisiún na hamhránaíochta, Nualitríocht na Gaeilge idir phrós agus fhilíocht, litríocht na Gaeilge 17ú haois – 19ú haois, scéalaíocht Chéitinn, an phleanáil teanga, an chanúineolaíocht, an tsochtheangeolaíocht.

    Disciplines

    Arts

    Humanities and Social Sciences

    Requirements

    Entry Requirements

    • Students are required to hold their Certificate of General Secondary Education with an average grade of 80% or above plus one further year of third-level education or UL Foundation Programme.
    • Specific subject requirements also apply. 

    Career

    Fostaíocht do Chéimithe

    Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe Gaeilge Ollscoil Luimnigh i réimsí éagsúla, mar shampla: an mhúinteoireacht, an earnáil oidhreachta agus cultúir, na meáin Ghaeilge agus an iriseoireacht, an earnáil phoiblí.

    Staidéar Iarchéime:

    • PME sna Teangacha (Gaeilge)
    • MA múinte sa Ghaeilge
    • MA taighde sa Ghaeilge
    • PhD taighde sa Ghaeilge
    • MA Comparative Literature and Cultural Studies

    Student Profile


     

    Fee Information

    Tuition Fee

    EUR 16,900 

    Application Fee

    EUR  
    University of Limerick

    Gaeilge

    University of Limerick

    [object Object]

    Ireland,

    Limerick

    Similar Programs

    Other interesting programs for you

    Find More Programs
    Wishlist