Overview
Mar mhúinteoir bunscoile, is féidir leat fíordhifríocht a dhéanamh - meon agus forbairt phearsanta leanaí a threorú agus a thacú. Cabhróidh an cúrsa seo leat a bheith i do ghairmí múinteoireachta oilte cruthaitheach
Ag Foghlaim a Mhúineadh, Ag múineadh chun foghlaim
Tabharfaidh an Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) gach eolas duit ar na hábhair a bheidh le múineadh chomh maith leis na scileanna ceannaireachta agus cumarsáide a theastaíonn chun iad a mhúineadh.
Cuidíonn an cúrsa leat tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn leanaí, agus tugann sé na huirlisí duit chun do mhic léinn a spreagadh sa seomra ranga. Ina theannta sin, méadófar ar do chuid eolais agus tuiscint ar an domhan thart ort trí léachtaí iontacha idirghníomhacha
Féadfar suas le deich faoin gcéad de na hionaid ar chlár an Bhaitsiléara Oideachais a choinneáil d’iarratasóirí Gaeltachta, i.e. ní mór d’iarratasóirí cónaí a bheith orthu i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus an Ghaeilge a bheith in úsáid mar ghnáth-theanga teaghlaigh acu. Roghnaíonn an scoláire DC003 le cur in iúl d’oifig an CAO gur iarratasóir Gaeltachta é/í. Déanann an CAO teagmháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun a dheimhniú gur Iarratasoir Gaeltachta atá ann/inti. Tá eolas breise maidir le Riachtanais Iontrála d'Iarratasóirí Gaeltachta ar fáil anseo. Féach Doiciméad 0034/2021
